Brooches- Tá siad ar ais

Hello a chairde, 

Fuair mé inspioráid bhlag na seachtaine seo istigh in Anthony Ryans i nGaillimh an tseachtain seo caite. Bhí mé sa tóir ar bhuataisí gorma le dhul le gúna a bhí faighte agam agus bhí cathair na Gaillimhe siúlta agam agus gan aon mhaitheas ann. Ar aon nós is cineál magpie mé agus breathnaím ar na accessories a bhíonn ag siopaí i gcónaí! Tháinig mé trasna ar dhá bhrooch álainn istigh i Dorothy Perkins! Cheannaigh mé iad agus gan cliú na ngrást agam céard a dhéanfainn leo! Is rudaí iad broaches a shamhlóinn le mo mhamó nó seandaoine i gcónaí agus sé is mó a smaoinigh mé orthu, is é is mó a thaitin siad liom! 

Tá geansaí beag deas agam a cheannaigh mé i Zara anuraidh agus tá brooch greamaithe ar bhrollach an gheansaí sin, mar sin bhí sé sin i gcúl m'intinn agam. Thosaigh mé ansin ag lorg na bealaí a bhféadfainn na brooches seo a chaitheamh agus seo thíos na bealaí éagsúla:

Tá an ceann seo le fáil i Dorothy Perkins ar €8.25:

Agus iad seo ó Miss Selfridge:

Tá an ceann seo thíos go hálainn freisin:

Tá súil agam gur bhain sibh taitnimh as sin. Is bealach álainn iad chun do chulaith a ghléasadh suas agus ní bhrisfidh siad an banc ach oiread! Is féidir iad a chur ar bhollach do chóta nó geansaí, nó is féidir iad a chur ar mhuineál do léine. Feicim daoine á gcaitheamh ar mhiotóga, ar chaipíní nó ar scairfeanna. Tá mise chun triáil a bhaint astú i mbliana. 

Slán go fóill, 

Gearóidín x