Facial Venus Freeze

Dia dhaoibh a chairde, 

An tseachtain seo caite thug mé cuairt ar sheomraí áilleachta 'Shelleys' i nGaillimh. Tá mé féin agus na cailíní ag obair le hEibhlín ar Iris Aniar i Radió na Gaeltachta, faoi láthair agus mar chuid den obair sin bhain mise triail as an facial nua 'Venus Freeze' atá ar fáil ag Shelley faoi láthair. 

Ní raibh cliú dá laghad agam céard a bhí i gceist leis an facial seo, cheap mé gur gnáth facial a bheadh ann agus bhí mé ar bís é a thriáil. Ach nuair a shuígh mé síos leis na cailíní áille ó Shelleys agus nuair a mhínigh siad dom céard go díreach a bhí i gceist bhí mé ag pléascadh le teann bíse. Is fan mór í Cara Delevigne don facial seo, agus nach orainn atá an t-ádh go bhfuil sé ar fáil againn anseo i nGaillimh! 

Is éard é an 'Venus Freeze' ná an facial is nuálaí atá in ainm is a bheith chomh maith le botox a fháil! Bíonn meaisín in úsáid (mar atá sa phictiúr thuas) agus is éard a tharlaíonn ná go gcuimlítear cineál wand timpeall ar d'éadan agus go bhfaigheann sé fíorthe! Tá sé cineál cosúil le 'hot stone massage', níl an teas míchompordach, tá sé an-deas ar bhealach aisteach! Nílim cinnte cén fáth gur 'freeze' atá in ainm an facial seo mar is teas a úsáidtear. Ceapaim gur mar gheall go bhfuil sé ag stopadh ama!!!

Tosaítear thíos ar do mhuineál agus oibrítear siar chomh fad le do chluasa agus ansin suas ar do ghiall, suas díreach chomh fada le do bhaithis. Sula dtosaíonn an treatment seo glantar an craiceann agus ansin cuirtear gel ar an gcraiceann (mar a chuirfí ort agus tú ag fáil ultrasound) agus ansin castar suas an teas agus oibríonn sé leis an gcraiceann. Tarraingníonn an mheaisín; tríd an teas agus an leictreachas an collogen atá faoi na sraitheanna sa chraiceann, aníos ag an mbarr agus sin é an rud a fháiscíonn an chraiceann agus a fhaigheann réidh leis na línte beaga sin nach maith le haon duine againn!!! 

Ní gnáth facial atá anseo ar chor ar bith! Cé go raibh an teas ag teocht 40°C ag pointí áirithe (agus is é is teo atá sé, sé is fearr a oibríonn sé), ní bhfuair mé míchompordach é! Caithfidh mé a rá gur thaitin an teas liom. Bhí m'éadan beagáinín dearg ina dhiaidh ach d'imigh sé sin tar éis uair nó dhó. 

Is é an rud faoin 'Venus Freeze' ná nach ar an éadan an t-aon áit is féidir úsáid a bhaint as seo. Is féidir é a úsáid ar an mbolg (tar éis meáchan a chailleadh) nó ar do thóin/do chosa le haghaidh cabhrú le cellulite! 

Bhain mise triail as ar m'éadan mar nach maith liom na línte timpeall ar mo shúile ach braitheann sé ort féin cén áit ar mhaith leat é a fháil! 

An molfainn é? Mholfainn é do dhaoine a bhíonn ag streachailt le línte! Caithfidh mé a rá tar éis seisiún amháin go bhfuilim ag ceapadh go bhfuil dífríocht mhór sna línte! Chomh maith leis sin, is saineolaithe iad na cailíní agus thug siad neart eolais dom ar na rudaí atá mise ag déanamh mícheart ó thaobh mo chraiceann de! 

Tá mo chraiceann triomaithe amach (dehydrated), cé gur cheap mise gur tirim a bhí sé. Mar sin mhol na cailíní dom na táirgí le n-úsáid agus cén áit na táirgí sin a úsáid agus neart uisce a ól! 

Bhí mé fíorshásta go deo le mo thaithí i Shelley's agus mholfainn d'aon duine i nGaillimh cuairt a thabhairt uirthi féin agus na cailíní deasa atá ag obair ann! Is féidir í a leanúint ar Facebook nó dul ag an suíomh www.shelleys.ie 

Tá margadh aici faoi láthair ar an Venus Freeze agus is féidir leat 2 sheisiún a fháil saor in aisce má cheannaíonn tú 6 cinn. Do chailíní ar chomhaois liomsa seans nach mbeadh ag teastáil ach seisiún nó dhó ar an éadan agus do mhná níos sine is infheistíocht sa chraiceann a bheadh ann. Dá mo rud é ansin gur maith leat é a fháil ar na cosa/ar an mbolg moltar duit idir 6-9 seisiún a dhéanamh. 

Tá súil agam go bhfuair sibh neart eolais ansin, 

Slán go fóillín, 

Gearóidín xxx