Stíl na Seachtaine- Gearóidín

Is breá liom sciortaí agus an t-am seo den bhliain. Seo culaith a chaith mé an deireadh seachtaine seo caite :) Cheannaigh mé an sciorta i Willow i nGaillimh, an top i Vera Moda agus na buataisí i Newlook. Ní raibh mé cinnte faoi na buataisí i dtosach ach caithfidh mé a rá go bhfuilim i ngrá leo anois! 

Ní hé seo an blús atá ormsa sa phictiúr thuas, ach cheannaigh mé an ceann sa phictiúr thuas i Vera Moda, ní raibh mé in ann a theacht trasna air ar an suíomh ach tá sé sna siopaí, agus tá an ceann seo thíos istigh i Vera Moda faoi láthair freisin agus tá sé an-chosúil leis. 

Níl ann ach culaith beag simplí, tá súil agam go dtaitneoidh sé libh, 

Gearóidín x