Dath an-choitianta faoi láthair- Rose Gold!!

Haigh a Ghlams,

Tá blag an lae inniu ar fad faoin dath álainn 'Rose Gold' atá le feiceáil chuile áit na laethanta seo. Phioc mé amach an 10 táirge faisin Rose Gold is mó a thaitin liom féin agus seo hiad thíos.

1.

Nach deas iad na converse seo i Rose Gold. Bhí na Converse an-choitianta cúpla bliain ó shin ach nuair a chonaic mé iad seo, thit mé i ngrá leo. B'fhéidir go mbeidh orm iad seo a cheannach mar go bhfuil an dá phéire ata agam caite go maith.

2.

Bheadh sé an-éasca an sciorta seo a ghléasadh suas nó é a ghléasadh síos. Ar an bpointe agus a chonaic mé é bhí sé curtha ar mo wishlist agam.

3.

Bíonn sé deacair bróga sála arda deasa a fháil sa dath seo, cinn atá classy agus nach mbainfeadh na cosa díot. Thaitin siad seo liom, le jeans nó le gúna, oibreoidh siad.

4.

Bheadh an clutch seo foirfe d'oíche amuigh nó fiú ag bainis nó ócáid éigin mar sin. Chuirfeadh sé go mór leis an gculaith a bheadh ort.

5.

Nauir a chonaic mé iad seo ar iClothing, thit mé i ngrá leo. Ní gá mórán a rá fúthu, breathnaigh orthu.

6.

Níl mórán éadaí Rose Gold le fáil ar na suímh idirlín ach thaitin sé seo liom. 

7.

Tá a fhios againn an difear a dhéanann slabhraí agus accessories do chulaith ar bith, nach é seo a bheadh foirfe le polo dubh?

8.

Tá na 'bodysuits' chuile áit na laethanata seo agus is maith ann iad (cé gur pian iad agus tú ag dul ag an leithreas) Déanann siad éascaíocht ó thaobh nach gá bheith buartha an bhfuil do top thíos i do bhríste i gceart.

9.

Mura bhfuil tú ag iarraidh an iomarca Rose Gold  a thaispeáint ach a bheith 'subtle' faoi nach deas a bhead sé seo i do chuid gruaige.

10.

Agus d'fhág mé an ceann is fearr (agus is daoire) go dtí an deireadh. An mála álainn seo ó Ted Baker, faraor níl an praghas chomh hálainn céanna. 

Bhuel sin é inniu a chairde, na táirgí Rose Gold a thaitin liomsa ata agua atá ar fáil sna siopaí agus ar líne na laethanta seo.

Beidh mé ar ais libh go luath,

Aisling

X