Loves an Luain

Haigh a chairde, 

Síofra anseo anocht agus is mise atá ar 'Loves an Luain'. 

Mar is eol daoibh is aoibhinn liom cúrsaí áilleachta agus is cosúil gur thit mé i ngrá leis an 'Blank Canvas Masterseries Palette One' a fuair mé le déanaí. Tá sé go hiontach. Tá an pigment an-láidir agus tá roinnt dathanna ann freisin. Tá súile gorma agam agus mar sin úsáidim 'eyeshadows' le beagáinín oráiste iontu. Is aoibhinn liom na dathanna 'Cocoa' , 'Forza' agus 'Strut'. 

Ní bheidh aifeála oraibh má cheannaíonn sibh an palette seo!

Grá mór, 

Síofra. xxx