Faisean, Stíl agus Spraoi ag an Athlone Fashion Trail

Hello Hello Hello, 

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith a chairde? Mar is eol daoibh ag an bpointe seo níl seachtain nach dtéann thart nach mbíonn imeacht nó ócáid de shaghas éigin ag cailíní Ghaeilge le Glam.  Is orm féin agus Síofra a bhí an t-ádh an Satharn seo caite nuair a thug muid aghaidh ar Áth Luain chun páirt a ghlacadh san Athlone Fashion Trail.

Ba é seo an chéad Fashion Trail a ghlac muid páirt ann agus i ndáiríre ní raibh cliú againn céard a bheadh i gceist leis.  Shroich muid garáiste BMW Colm Quinn in Ath Luain, príomh-urraitheora na himeachta go luath maidin Dé Satharn agus muid fós leath inár gcodladh. Ach nach muid a bhí sásta nuair a chonaic muid an bricfeasta mór a bhí leagtha amach dúinn an mhaidin sin.  Má bhíonn bia deas ann bímse sásta i gcónaí!! Agus ár ndóigh cé a dearfadh NO le cúpla gloine prosecco ag an am sin den mhaidin ach an oiread;)

Bhí deis againn breathnú timpeall an gharáiste chomh maith agus d'éirigh liom pictiúr a thógáil le mo "dream car" mar a deirtear sa Bhéarla.

Droch sheans go mbronnfadh Colm Quinn an carr álainn seo orm ;)

Bhí sceideal ghnóthach leagtha amach dúinn ar an lá agus muid ag cur tús leis an Fashion Trail i Kadee Bride.  Thaitin sé seo go mór liom agus mé ag smaoiniú siar ar an lá a thug mé cuairt ar an siopa seo agus mé ar thóir mo ghúna bainise féin.Cé go bhfuil an gúna faighte ag Síofra don lá mór bíonn Síofra s'againne i gcónaí ar thóir smaointí.  

Is le Deirdre Kelly an siopa álainn seo áit a gcuireann sí gúna ó phríomh dhearthóirí ar nós Suzanne Neville , Temperley London agus Maritn Liana ar fáil.  An sprioc a bhí leagtha amach aici ná "to provide bridal gowns for modern women that would express their unique sense of style and personality while still staying ultra feminine".

Seo daoibh cuid de na gúnaí a chonaiceamar ar an lá;

An dara siopa a thug muid cuairt air na Burgess, is iomaí uair a shiúl mé thar an siopa seo agus caithfidh mé a rá nár smaoinigh mé riamh siúl isteach ann.  Cheap mé go raibh sé seanfhaiseanta ach is cinnte gur mí-cheart a bhí mé.  B'éadaí compórdacha den chuid is mó a bhí le feiceáil anseo agus éadaí geimhridh den chuid is mó.  Bhí roinnt píosaí an-chostasach ach ba léir go raibh caighdeán mhaith iontu. 

D'fhoghlaim mé neart sa siopa seo agus gan dabht tá mé ar thóir choatigan a bheadh oiriúnach don gheimhreadh ar nós an ceann seo;

Díreach béal dorais do Burgess bhí neart le feiceáil i siopa boutique Olivia Danielles.  Éadach glam gan dabht a bhí le feiceáil anseo!!! Seo cuid de na píosa ba dheise liom féin agus Síofra ar an lá;

Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil leis na mná ón siopa seo as ucht an scairf álainn cashmere a bhronn siad orainn.  Fuair mise an ceann álainn gorm seo agus is fada liom go mbeidh deis agam é a chaitheamh.  Ní féidir caighdeán an fabraic seo a shéanadh.

An chéad áit eile a thug muid aghaidh ar na an Athlone Town Centre áit a raibh deis againn réimse leathan éadaí a fheiceáil ó na siopaí éagsúla ar fad agus WOW WOW WOW.... níl dabht ar bith ach go mbeidh mé ag stopadh in Áth Luain níos minice! Ní bheidh pingin fágtha sa sparán agam ina dhiadh!!

Seo cuid de na píosa a chonaic muid ó éadach foirmeálta go éadach neamhfhoirmeálta;

Ní raibh sé i bhfad go raibh sé in am níos mó beatha a ithe agus muid ar nós celebs inár suí ar an dara hurlár don Athlone Town Centre agus  muid ag ithe lón a bhí ullmhaithe agus curtha ar fáil ag Fatted Calf.  Bhí neart roghanna ann ar an lá agus bhí deis againn triail a bhaint as gach rud.  Féach ar seo.... nach mé a bheadh sásta dá mbeadh sé ós mo chomhair anois:)

Tar éis lóin lean an seó faisin ar aghaidh san Athlone Town Centre agus ansin bhog muid ar aghaidh go Clodaghs Boutiique  le gloine eile Prosecco a fháil agus chun breathnú ar an stíl ar fad a bhí ar fáil ann;

Nells Boutique, céard gur féidir a rá faoin áit seo bhí sé do-chreidte, siopa deas beag ach le neart éadaí agus roghanna do óg agus aosta.  Thaithin liom go raibh rud ar fáil go gach duine sa siopa seo;

Bhí suzie O Mahony is láthair ar an lá freisin agus í ag tabhairt sár-aire dúinn, ní dóigh liom go bhfaca mé hataí den leithid seo in aon áit riamh;

Ag deireadh an lae bhí deis againn scith a leagann agus an cuid deireanach don chluiche mhór a fheiceáil idir Baile Átha Cliath agu Maigh Eo.  Bhí cóisir ar siúl sa Radisson áit a raibh deis againn roinnt mingling a dhéanamh agus plé a dhéanamh ar an bhfaisean agus stíl a bhí feicthe againn an lá sin.  Ag súil go mór le Pay day ag an bpointe seo agus pleananna déanta tír agus talamh a cheannach an chéad uair eile a théim ar detour go hÁthluain;)

Níl dabht ar bith ach go raibh neart pleanála i gceist leis an ócáid seo agus a bhuíochas do na cailíní ó Galway Now agus ITWBN.  Ag súil go mór leis an gcéad fashion Trail eile!!!!!!

Buíochas ollmhór ag dul díobh as ucht an lá iontach seo a chuir ar fáil dúinn.  Day out den scoth a bhí ann!

Slán go fóilín

Roseann 

xxxx