M'ultimate Makeover le Bellissimo Gaillimh

14702493_1788022778131492_6339175180873217586_n.jpg

Bhuel a chairde, 

Céard gur féidir liom a rá faoin mblag seo?? Nuair a fheiceann sibh na pictiúirí tuigfidh sibh go hiomlán cé chomh sásta is a bhí mé tar éis an lá a chaitheamh leis na cailíní áille i Bellissimo.  Agus nach mé a bhí sásta gur fhreagair mé an ríomhphost úd a fuair mé uathu don Ultimate Makeover!!! 

Nuair a ghlac mé leis an gcuireadh a thug siad dom rinne mé coinne ar an bpointe chun fáil amach céard go díreach a bhí siad ag iarraidh a dhéanamh ar an lá.  Ní raibh cliú dá laghad agam féin céard a bhí uaim ach is cinnte go raibh mé beagáinín imníoch faoi mo chuid gruaige.

Tugann sé sin mé go dtí scéal mo chuid gruaige mé... dóibh siúd a bhfuil aithne agaibh orm tá a fhios agaibh go bhfuil mo ghruaig go hiomlan díreach.  Chuir mé dath fionn ann cúpla bliain ó shin nuair a phós mé agus ó shin a leith tá mo ghruaig tanaí agus tá sé fíor dheacair aon rud a dhéanamh seachas an GHD a chuir uirthi.  

Shocraigh mé ansin dath donn a chuir inti os cionn bliana ó shin chun fáil réidh leis an dath fionn agus caithfidh mé a raibh go raibh an ghráin agam ar mo chuid gruaige ó shin. 

Seo mo chuid gruaige roimh ré:

Louise (Senior stylist at Bellissimo) is a professional and perfectionist through and through!!!! She knew exactly what i needed, we kept the length and addedd some life and some shape to my hair.  Such a simple change but so effective!  Thank you so much louise!!!

Louise (Senior stylist at Bellissimo) is a professional and perfectionist through and through!!!! She knew exactly what i needed, we kept the length and addedd some life and some shape to my hair.  Such a simple change but so effective!  Thank you so much louise!!!

Níl a s'agam fúibhse ach faighim chomh deacair gruagaire a fháil a thuigeann go díreach céard atá mé ag iarraidh ach rinne Louise an Senior Stylist ó Bellissimo é sin gan stró ná astró!!! Shocraigh muid fad mo ghruaige a choinneáil agus highlights (carmels agus coppers) a chuir inti.  Shocraigh sí roinnt layering a dhéanamh freisin.

Seo mo ghruaig tar éis carmel agus copper highlights, gearradh stiallmhar agus blowdry;

Tar éis mo chuid highlights a chuir isteach cuireadh na velcro rollers ann agus fágadh ann iad ar feadh an lae.  Bhog mé ar aghaidh ansin go dtí an cailín álainn Maria.  Ag súil go mór le tuilleadh pampering fuair mé shellac ar mo chuid ingne agus fuair mé pedicure chomh maith! 

M'ingne:

Dathanna nua don fhómhair a shocraigh mé ar don shellac.  De bharr go bhfuil bainis agam bhí mé ag iarraidh dath dúghorm a úsaid.  Mhol Maria meascán dathanna agus an ceart ar fad aici. 

Mo smidiú: Mac den chuid is mó a bhí in úsáid ag Maria ar mo chraiceann.  Feicfidh sibh cuid de na táirgí thíos;

Maria took care of me for most of the day with a manicure a pedicure and the stunning make up!!!! I certainly felt beautiful when she finished.  She has an absolute talent and for make-up in particular (which she also says is her favourite part of the work does, now i know why!!), she knew exactly what would suit and i got lots of tips too!!!!! 

Bhí mo i ngrá le mo smidiú an oiread sin go ndeachaigh mé arais  chun mo chuid smidiú a dhéanamh don bhainis! 

20161020_185206.jpg

Seo cuid de na táirgí smidiú a d'úsáid Maria orm, Is táirgí Mac den chuid is mó a bhí ann!

Tar éis maidin inniu a chaitheamh ag ullmhú don bhainis seo daoibh mo upstyle agus mo chuid smidiú le haghaidh inniu.  Tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil mo smidiú beagnach mar a chéile le an tseachtain seo caite... arís léiríonn sé sin chomh sásta is a bhí mé leis!!!!!  :) 

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé chomh sásta leis an taithí a bhí agam i Bellissimo.  Mholfainn go hard na spéire na cailíní ar fad atá ag obair ann.  Tá mé an-sásta leis an taithí iontach atá faighte agam. Go raibh míle maith agaibh arís agus is fada liom go mbeidh mé isteach agaibh arís!!!

Buíochas ó chroí a chailíní, 

Roseann

xxxx