Loves an Luain

Dia dhaoibh tráthnóna a Ghlams,

Mar a chonaic sibh ar an snapchat inné bhí mé féin, Síofra agus Gearóidín i mBleá Cliath inné le Emma Farrell ó EF Studios.

D'fhoghlaim mé féin go pearsanta an t-uafás uaithi mar nach raibh mórán eolais agam faoi smidiú, na scuabanna éagsúla agus mar sin de.

Cheannaigh mé set scuabanna ó Emma inné agus iad sin atá mar Loves an Luain agam an tseachtain seo.

An branda 'Jessup' atá iontu ach bhí 11 scuab sa set! An rud is fearr faoi seo ná tar éis an méid a d'fhoghlaim mé inné, tuigim cén úsáid atá acu uilig! Freisin, €50 a d'íoc mé ar an set!!! Nuair a chuireann tú é sin i gcomparáid le scuabanna eile a n-íocann tú b'fhéidir €20 ar cheann amhaín! D'úsáid mé iad inné agus mé ag cleachtadh mo smidiú leis an tips a fuair mé ó Emma. Agus feicfidh sibh thíos toradh an lae!!

Agus sin sin, Loves an Luain na seachtaine seo uaimse,

Le Grá,

Aisling X