Deacrachtaí Craicinn - na tairgí a úsáidim!

Haigh glams, 

Síofra anseo agus anocht táim ag scríobh bhlag faoi chúrsaí craicinn agus na tairgí a úsáidim. Níl ach 6 mhí fágtha agam go dtí an bhainis agus mar sin caithfidh mé an-aire a thabhairt do mo chraiceann! I gceann seachtaine beidh mé ag tosú le 'Glycolic Peels' in 'The Beauty Quarters' le Melissa agus is cinnte go ndéanfaidh na peels sin an-difríocht do mo chraiceann. Is aoibhinn liom an salon seo, aon uair a thugaim cuairt ar an áit, feabhsaíonn mo chraiceann agus ciallaíonn sé sin, má tá tú dáiríre faoi do chraiceann teastaíonn trí rud, am, foighne agus taighde! Agus, b'fhéidir beagáinín taithi!

Anois, ní saineolaí mé ar chor ar bith ach tá mé tar éis blianta a chaitheamh ag déileáil le deacrachtaí craicinn agus is féidir a rá nach bhfuil táirge faoin ngrian nach bhfuil triailáilte agam. É sin ráite tá sé fíor thábhachtach go n-úsáideann sibh tairgí atá oiriúnach daoibhse. Má tá na tairigí atá in úsáid agaibh feiliúnach daoibhse is cinnte go mbeidh bhur gcraiceann i gcónaí ag feabhsú. Uaireanta, is dóigh, ní bheidh ár gcraiceann chomh sláintiúil is a bhíonn sé an t-am ar fad agus braitheann sé sin ar ár saol agus ar na rudaí atá ar siúl inár saol. Ní chabhraíonn an strus le deacrachtaí craicinn.  

Soooo, céard a cheapann sibh faoi na pictiúir thíos? Bhí mo chraiceann chomh dona seo nuair a thosaigh mé amach le Melissa. Agus, is féidir liom a rá nach bhfuil sé pioc cosúil leis anois! 

Phioc mé trí thairge atá fíor-thábhachtach domsa ar aon nós. Agus, an-tábhachtach i rith an gheimhridh freisin! Tairgí Jan Marini atá i gceist!

Uimhir a haon - Glycolic Cleanser. 

Tá ceimicí sna tarigí seo a dhéanann 'exfoliation' ar an gcéad layer don chraiceann. Agus mar sin, nuair a úsáidimid 'glycolic cleansers' suíonn na tairgí eile isteach i do chraiceann níos fearr. Bheadh do chraiceann níos hydrated agus níos boige freisin. Úsáidim Bioglycolic Face Cleanser ó Jan Marini. 

Uimhir a dó - Serums

Tá comhábhair sna serums atá gníomhach ar nós 'Hylauronic Acid' agus 'Vitamin C'.

Má tá tú ag streachailt le craiceann atá beagáinín tirim nó b'fhéidir go bhfuil uisce ag teastáil uaidh is cinnte go gcaithfidh tú serum le 'Hylauronic Acid' a úsáid. 

Má tá tú ag iarraidh craicinn atá níos gile agus 'shine' nó 'glow' beag a thabhairt dó is cinnte go gcaithfidh tú serum lán le Vitamin C a úsáid. Tá an dá rud sin ag teastáil uaim, uisce agus an 'glow' agus mar sin úsáidim C-ESTA Serum mar tá an dá rud istigh ann. 

Uimhir a trí - SPF

Ceaptar go mbaineann an SPF leis an samhradh amháin ach ní hé sin an fhirínne. Báisteach grian, sneachta nó sioc tá sé ag teastáil. Úsáidim an ceann seo ó Jan Marini agus tá beagáinín dath istigh ann agus tá sé go hálainn. Tugann sé glow iontach do mo chraiceann freisin!

Sin é uaimse, a chairde. 

Má tá aon cheist agaibh faoi na tairgí ar fad, seol snap nó teachtaireacht chugam!

Slán go fóillín, 

Síofra. xxx