Gléasta chun Féasta- Mo Ról Nua mar Stylist!!!

Dia dhaoibh tráthnóna a Ghlams,

Tá blag a lae seo beagán difriúil. Séard atá anseo cur síos ar mo ról nua ar an gclár teilifíse, 'Gléasta chun Féasta' ar TG4. Thosaigh an taifead don chlár seo an tseachtain seo caite agus caithfidh mé a rá go raibh mé sách neirbhíseach á dhéanamh. Bhí mé ar an teilfiís cheana cúpla uair, ar feadh cúpla soicind nó cúpla nóiméad ach ní dhearna mé aon rud mar seo riamh!!

Fuair mé an páirt seo mí Aibreáin seo caite agus is de bharr Ghaeilge le Glam a fuair mé an ról. Bhí orm físeán 5 nóiméad a sheoladh ag TG4 agus ansin roghnaíodh mé don pháírt. Bhí sé deacair gan aon rud a rá go dtí coicís ó shin, dár ndóigh bhí a fhios ag mo chlann agus cúpla duine eile faoi.

Beidh mé féin agus Andreá Tighe i gcomórtas lena chéile. Andreá mar dhearthóir agus mise mar stylist. An plean atá ann ná go mbeidh 10 n-eipeasóid ann agus chuile sheachtain beidh aoi ann a bheidh ag dul chuig bainis, cóisir, Coineartú nó imcht den chineál seo. An jab a bheidh agamsa ná culaith a chur le chéile don duine seo ó bheith ag brabhsáil sna siopaí. Déanfaidh Andreá culaith ansin ag úsáid faibricí éagsúla. 

Cé go ndúirt mé thuas go raibh mé neirbhíeach agus go mbeidh mé, is taithí iontach a bheidh ann agus caithfidh mé smaoineamh ar sin.

Sin sin a chairde, ní raibh ann agch go raibh mé ag iarraidh beagán eolais a roinnt libh maidir leis an gclár nuar seo.

Beidh neart le feiceáil ar Snapchat (@gaeilgeleglam) nuair a thosaíonn an taifeadadh go hiomlán.

Go dtí sin,

Grá mór,

Aisling

X