Stíl na Seachtaine-Aisling X

Wow Glams, ní chreidim go bhfuil sé ar ais agamsa arís an tseachtain seo do stíl na seachtaine!!! Tá an t-am ag imeacht chomh scioptha!!!! 

An culaith atá agamsa an tseachtain seo ná ceann a chaith mé aréir agus mé amuigh le haghaidh dinnéír. Tá sé dressy/casual d'oíche i rith na seachtaine!!

Mar a fheiceann sibh thuas, seo an culaith a chaith mé! Bhí sé compórdach agus feiliúnach agus mé amuigh le haghaidh dinnéir ag ceiliúradh mophost nua!!!

Is ar shein.com a fuair mé an bardot. Thaitin an dath liom agus seo é thios. Tá sé fós ar an suíomh agus tá an nasc thíos!! Freisin tá sé tábhachtach a rá go raibh sé níos lú ná €15!!

Tagann na jeans ó New Look agus tá 'fit' álainn acu. Ní dubh ná liath atá siad ach meascán den dá dhath!

Tá na bróga agam ón samhradh! Is ar Bershka a cheannaigh mé iad. An rud is fearr fúthu ná nach bhfuil siad ró-ard agus mé in ann iad a chaitheamh agus a bheith compórdach!!

Bhuel a chlann sin Stíl na Seachtaine eile déanta agam! Súil agam gur thaitin sé libh. Má tá on cheist agaibh faoi aon rud ná bíodh drogall oraibh snao a sheoladh chugam!!

Grá mór,

Aisling 

X