Stila Vs Estee Lauder

Dia daoibh a chairde, 

Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith. Má leanann sibh ar Snapchat muid, is dócha go bhfaca sibh go raibh muid ag oíche le Stila i gCnoc na Cathrach, Dé hAoine seo caite. Tá mise ag caitheamh an foundation céanna (Estee Lauder Double Wear Light) le blianta fada agus is cuma cé mhéad uair a athraíonn mé uaidh, bíonn aiféala orm agus ní fada arís go mbím ar ais chuige arís. Deirtear liom i gcónaí go bhfuil sé fíor-dhona ag craiceann atá tirim, rud atá agamsa agus nár cheart dom é a úsáid mar go dtriomaíonn sé amach an craiceann. Is dócha go bhfuil sé an-oiriúnach do chraiceann a bhíonn beagáinín ola ann. Ar aon nós caitheann mise é agus tá línte chuile áit agam, faoi mo chuid súile agus ar mo bhaithis ach go háirithe.

So aréir nuair a bhíomar ag an ócáid Stila dúirt na cailíní álainn a bhí ag obair istigh ann go raibh foundation acu 'Stay All Day' agus go raibh sé fíor-chosúil leis an Double Wear! Chomh maith leis sin, ba le Estee Lauder an comhlacht Stila ar feadh píosa freisin. Shocraigh mé mar sin suigh síos agus an foundation a mheaitseáil le mo chraiceann. Moladh dom an dath 'Fair 2' a úsáid. (Tá mé ar nós buideálín bainne mar sin ní fheileann aon rud ró-dhorcha mo chraiceann). Ar aon nós, thriail an cailín istigh i Stila ar mo chraiceann é agus thaitin sé go mór liom agus ní minic a tharlaíonn sé sin le foundations! Chroch mé liom é agus is orm a bhí an ríméad nuair a dúirt na cailíní go raibh concelour agus scáthán sa chlaibín agus bhí scuab bheag isteach leis freisin. 

Bhí an t-uafás cloiste agam féin agus na cailíní faoin Primer atá ag Stila, 'One Step: Correct', mar sin ní raibh muid i bhfad á phiocadh suas ón tseilf. Tá 3 dhath sa phrimer seo, glas, oráiste agus bán. Deirtear gurb é ceann de na primers is fearr ar an margadh. Thriail mise maidin inniu é agus cheap mé gur bhraith sé go hálainn ar an gcraiceann. Is é aidhm an táirge seo ná do chraiceann a ghealú agus má tá aon spota dearg nó dorcha ar do chraiceann é sin a dhéanamh cothrom. Cuireann tú ort é tar éis an moisturiser agus roimh an foundation. Suíonn an foundation níos fearr ar do chraiceann agus é seo ort! 

So a chairde sin é uaimse. Tá mé chun an Stila a úsáid ar feadh seachtaine go bhfeicfidh mé an dtaitníonn sé liom chomh mór is a thaitníonn an Estee Lauder agus muna dtaitníonn is dócha go mbeidh mo dheirfiúr sásta é a thógáil! Bhí sé orm inné ar feadh an lae agus caithfidh mé a rá gur fhan sé orm don lá ar fad, agus níl mo chuid línte leath chomh dona is a bhíonn siad go hiondúil. Tá mo chraiceann ag breathnú deas 'duey' mar a deir lucht an bhéarla! 

Feicfidh muid cén chaoi a mbeidh sé....

Slán go fóillín, 

Gearóidín xxxxxx