Slán Siúcra

Hello glams,

So tá an blag seo cineálín difriúil. Shocraigh mé blag a scríobh ar an dochar a dhéanann siúcra dár gcoirp mar tuigim na héifeachtaí ar fad!! Dar leis na saineolaithe  is é siúcra ceann de na handúile is deacra a shárú.

Is 'chocoholic' amach is amach mé. Is aoibhinn liom Dairy Milks, Giant Buttons, purple Snack bars agus Nutella dár ndóigh!!

Ach ag an am céanna, ní oireann déirí liom ar chor ar bith. Bíonn tinnis cinn lofa orm nuair a ithim an iomarca siúcra. Thuig me gur b'eigean dom rud eigean a dhéanamh faoin 'addiction' sin ach céard is féidir liom a dhéanamh chun deireadh a chur leis an habit sin?

Léigh mé an dá leabhar seo agus chabhraigh siad go mór liom. Agus théis iad a léamh shocraigh mé iarracht a dhéanamh chun an siúcra a sheachaint. Ach faraor, thuig mé nach mbeinn in ann an siúcra a sheachaint liom féin!So, thosaigh mé clár nua darb ainm Zest for Life agus caithfidh mé a rá go mbainim an-taitneamh as an gclár!

Yes!  Uaireanta titim as an gcapall agus is cinnte go mbeidh mé ar an talamh arís amach anseo.. ach mar a deir an quote tabhachtach sin..

'If you're not failing every now and again, it's a sign you're not doing anything very innovative.'

Tá an clár seo bunaithe ar leibhéil siúcra fola (blood sugar levels).

 Má choinníonn tú na leibhéil siúcra i do chorp cothrom seachnóidh tu an 3pm slump.

Ar an bplean seo itheann tú sé huaire sa tseachtain. Ní bheadh ocras oraibh, sin cinnte! B'fhéidir  go mbeadh 'cravings' agaibh ar dtús ach sun habits níos mó ná tada eile! Uaireanta Ní bhíonn cravings i gceist ach is iomaí duine a mbíonn tart orthu, mar sin bíodh neart uisce agat I gcónaí!

B'fhéidir bhfuil an graif seo feicithe agaibh cheana ach tá sé tábhachtach go dtuigimid cé chomh héifeachtach is atá sé! Mar a dúirt mé thuas, má choinníonn tú na leibhéil siúcra cothrom i do chorp seachnóidh tú an 3pm slump agus na tinnis cinn lofa a fhaighimid théis am lóin!

Tagann na tinnis cinn sin orainn toisic go mbímid ag ithe an iomarca siúcra! Ardaíonn an leibhéil siúcra inar gcoirp agus mothaímid uilig foirfe.. (buzzing!!)  ach, ansin nuair a imíonn an 'sugar hit' sin laghdaíonn an leibhéil siúcra agus tagann na cravings agus na tinnis cinn orainn.

Ní bheidh tú ag iarraidh siúcra a ithe muna bhfuil sé i do chorp cheana féin! So, ná cur tús le do lá le bia lán le siúcra. Mar, má dhéanann tu é sin beidh tú ag iarraidh agus ag lorg siúcra ar feadh an lae. 

Féach ar an méid siúcra sna tairgí seo. Tá sé dochreidte.

Dar leis an World Health Organisation níl sé sláintiúil níos mó ná 6 spúnóg tae a ithe in aghaidh an lae. Agus tá 7 spúnóg tae siúcra sa ghnáth Dairy Milk.

Tá mé tar eis athrú mór a dhéanamh i m'aiste bia. So ta súil agam go mbeidh mé in ann é a choinneáil.

Cinnte dearfa, íosfaidh mé seacláid arís ach tá mé ag déanamh mo sheacht dícheall chun é a sheacaint!

Nuair atá siúcra uaim smaoiním faoin méid siúcra sna misleáin agus cabhraíonn sé sin liom!

Gan dabht ar bith, caithfidh tú a bheith ullmhaithe. Muna bhfuil tú ullmhaithe Ní bheadh tú in ann é a dhéanamh!!

Má tá níos mó eolais faoin gclár ag teastáil uaibh seolaigí snaps nó teachtaireachtaí chugam agus scríobhfaidh mé blag eile ar an mbia a ithim go laethúil.

Agus b'fheidir go ndéanfaimid dúshlan 21 lá le chéile!!

Slán go fóillín a chairde glam,

Síofra xxx