Mo mhála beag draoíochta!

Hello glams.. Síofra anseo!

Don bhlag seo ba mhaith liom na tairgí atá i mo mhála smidiú a roinnt libh! 

Is aoibhinn liom smidiú. Nílim go han-mhaith ag 'contouring' nó 'baking' nó aon rud mar sin ach taitníonn smidiú agus cúrsaí áilleachta go mór liom.

An chéad rud a chuirim ar m'aghaidh tar éis mo moisturiser ná mo SPF. Tá sé riachtanach go n-úsáidtear SPF gach uile lá fiú sa Gheimhreadh. Úsáidim an ceann seo ó Jan Mairini - labhair mé faoin táirge iontach seo cheana ach caithfidh mé a rá nach bhfágaim an teach gan é! Ceannaím é in The Beauty Quarters in Oran Mór i nGaillimh. 

Is iad na day-foundation s is fearr liom ná Even Better ó Clinique agus True Match ó l'Oreal. Tá an péire acu thar barr. Ní thugann siad lán-chlúdach duit ach ní maith liom an 'look' sin ar aon nós. Caithfidh mé a bheith in ann mo chraiceann a fheiceáil!!! Níl na foundations costasach ach an oiread. Agus ní chaithfidh tú an t-uafás díobh a úsáid.

An chéad rud eile a úsáidim ná mo concealer. Labhair mé faoin concealer seo ó Clarins. Instant Concealer an t-ainm atá air agus is breá liom é. Ceann de na concealers is fearr a d'úsáid mé riamh! Cosnaíonn sé €26 agus is fiú é. Úsáidim é faoi mo chuid súile, timpeall mo shrón agus ar spotaí má tá siad orm! Tá sé an-éadrom agus ní bhreathnaíonn sé 'cakey'.

Is aoibhinn liom Minearalize Skinfinish Powder ó Mac agus úsáidim brozner ó Laura Mercier! Tá an dá rud seo an-mhaith ar fad agus níl aon cheist faoi ach go mbeidh mé a gceannacht arís!

Ansin, nuair atá an powder agus an bronzer déanta déanaim mo mhalaí! Ní úsáidim ach eyeshadow ó Mac darb ainm Mysteryagus scuab uimhir 266 ó Mac. Is féidir leat aon eyeshadow a úsáid (beidh sé ag brath ar dhath na súl/mala dar ndóigh) agus tá scuab iontach eile ag Inglot - uimhir 31T.

Ó lá go lá, úsáidim an Pippa Palette, Superliner ó l'Oreal agus Mascara ó Lancome! Tá súile gorma agam agus mar sin téann eyeshadows atá cineálín oráiste an-deas leo. Agus mar sin, is aoibhinn liom an dath 'Tobi' ón bPippa Palette.

Bainim úsáid as eyelash curler (catóir fabhraí) freisin gach uile lá! Tip: Úsáid an triomadóir gruaige chun píosa teasa a chur air sula n-úsáideann tú é.. Ach, bí cúramach!!

Agus ar deireadh, cuirim lipliner agus lipstick orm! Is aoibhinn an dath seo Please Me  ó Mac. Cuirim lipliner leis i gcónaí!

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblag seo agus mar is gnách má tá aon cheisteanna agaibh seol ríomhphost nó snap chugainn!

Slán go fóillín, 

       Síofra. xx