Cultúr, Bia agus an saol i Dubai.. Cuid a dó

Dia Dhaoibh Glams,

Bhuel mar a dúirt mé i mo bhlag deireanach, bhí an oiread le rá agam libh faoi Dubai, mar sin Fáilte romhaibh go dtí Dubai..cuid a dó!!

Sular thug mé aghaidh ar an tír ghleoite, bhí roinnt rudaí nach raibh ar eolas agam maidir leis an gcultúr, tá me chun an deis seo a thapú an t-eolas seo a roinnt ionas go mbeidh sibh níos eolaí ná mar a bhí mé féin agus sibh ag smaoineamh aghaidh a thabhairt uirthi.

Mná agus a gcuid éadaí!

Seo'd an deacracht ba mhó a bhí agam nuair a bhí mé ag pacáil don turas seo! Céard a thabharfainn liom? éadach thar an nglúin, sciortaí fada nó sciortaí gearra, geansaithe nó t-léinte, an ngléasfadh mé suas nó an ngléasadh mé síos!  Is cultúr dhifrúil í an chultúr araibeach agus bhí mé beagánín neirbhíseach roimh réidh, ACH ní raibh gá ar bith leis!! Seo mar a bhí cuid de na rialacha maidir le héadaí agus cuid de na culaith a chaith mé féin!

Má bhíonn tú in áit phoiblí ba chóir duit do ghuaillí a chlúdú, feicfidh tú comharthaí sna hionad siopadóireachta ar nós an ceann seo;

An córas taistil

Fad is a bhí muid i Dubai bhain muid úsáid as an metro chuile lá.  Rith an líne metro ó thaobh amháin den chathair go dtí an taobh eile agus bhí se an-saor ticéad laethúil a cheannacht ar thart ar 20 Dirham nó €5euro!

Bí ag faire amach ar an metro do charáiste na mná agus páistí amháin, bhí sé ró-dhéanach lá amháin nuair a bhí muid inár seasamh istigh ann, buíochas mór do na mná nach raibh ró-chantalach linn nuair a bhí m'fhear céile ina sheasamh lena dtaobh!

Bhí na mílte tacsaí ar fáil sa chathair freisin, moladh dúinn gan an tacsaí a fháil ag amanna áirithe mar bíonn an trácht do-chreidte, d'fhéadfadh sé dhá uair a chloig a thógáil dul ó thaobh amháin don chathair go dtí an taobh eile!  É sin ráite bhí costas na dtascaí chomh saor, ar thuras 15 nóiméad bheadh thart ar 20/30 Dirham ar an turas, níl ansin ach thart ar 5 euro!! Tá sé i bhfad níos saoire san UAE de bharr an phraghas íseal atá ar bhreosla!

Suim agat in Ór agus diamaint?

Ón lá a chuir mé an saoire in áirithe bhí a fhios agam go mbeadh roinnt gnó le déanamh agam i Dubai! Shocraigh mé m'fháinne síoraíochta a fháil déanta agus bhí mé ag iarraidh fáinne a fháil a bheadh agam d'ócáidí.  Bhí mé ag caint le cara liom agus thug sí an smaoineamh iontach seo dom :)  Cén fáth iad a cheannach i Dubai? Mar tá costas an óir agus diamaint i bhfad níos saoire mar tá siad saor ó cháin de bharr na rialacha trádála atá acu, chomh maith leis sin tagann formhór don ór agus na diamaint ón Ind agus tíortha eile gar don UAE, mar sin tá costaisí iompar níos saoire!  Bhí an ceart ar fad ag mo chara agus fuair mé dhá fháinne álainn ar leath den phraghas a bheadh orthu anseo in 

Éirinn.  Céard a cheapann sibh féin?

Cheannaigh mé na fáinní i Cara Jewellers sa Diamond an Gold Park, d'oscail sé ag 4.00i.n. agus bhí deis againn cuairt a thabhairt ar mhonarchan an siopa céanna, bhí an áit chomh beag ach plódaithe le daoine, is cinnte nach raibh easpa airgid ag cuid de na fir agus mná agus iad ag caitheamh an deich n-oiread den seodra a bhí orm féin!!

Má tá tú eolach go maith d'fhéadfá dul go dtí na souks chun ór a cheannach ach ní raibh an foighne agamsa dó seo agus go mór mór  na fir a bhí ag iarraidh a mbealach a shaorú agus iad go do leannacht síos an tsráid agus iad ag díol na "genuine fakes" do thurasóir ar bith a thiocfadh leo go dtí a gcuid siopaí rúnda!

An Siopadóireacht

Is fiú an siopadóireacht a lua anseo mar níl dabht ar bith ach gurb é seo ceann de na cúiseanna a raibh roinnt pingineacha sa sparán don seodra mar is fíor bheagán siopadóireachta a dhéanfá sa tír seo! Tá na hionad siopadóireachta mór mílteach thógfadh sé mí ort cuairt a thabhairt ar gach siopa! Tá gach siopa ar domhan le feiceáil sa dubai mall, ó na siopaí daora ó na dearrthóirí, Marc Jacobs, Tiffanys, Cartier, Rolex, Gucci, Louis Vuitton agus na céadta eile.  Bhí na siopaí high street ann ar nós mo Fav fhéin River Island, go dtí na siopaí Meiriceánacha chomh maith le siopaí nár chuala mé fúthú riamh! De bharr go bhfuil ar na mangairí a gcuid stoc a iompórtáil bíonn praghas níos airde ar a gcuid táirgí! Sin ráite coinnigh súil amach mar ar laethanta randamach don bhliain bíonn lascainí olmhóra le fáil, faraor níor tháinig muid trasna orthu seo (nó b'fhéidir go raibh an t-ádh orm nár tháinig)

Bíonn na hionad siopadóireachta oscailte go dtí a 10 nó 11 gach oíche, bain taitneamh as an ngriain sa lá agus tug aghaidh ar na siopaí tráthnóna!

Slí maireachtála agus Creideamh!

Tosaíonn seachtain oibre na haraibí ar an domhnach agus críochnaíonn sé ar an Déardaoin! Bíonn na moscanna oscailte ar an Aoine agus ar an Satharn, Mosc amháin atá oscailte don phobal ach bhí muid beagáin díomhnach mar ní raibh am againn cuairt a thabhairt ar! An chéad uair eile!!!

Ar deireadh.. An Bia

Níl an t-uafás le roinnt agam libh maidir leis an mbia!  Bíonn na bialanna ar fad sna hóstáin go mór mór má bhíonn suim agat deoch a bheith agat le do bhéile! Ní raibh ár n-óstán ró mhór agus fós bhí deich mbialann ann! Bíonn réimse maith beatha ar fáil ag brath ar an tír/cultúr atá uait! De bharr go bhfuil an tír dubh le turasóirí tá go leor den bheatha mar a gheobhfá i ngach tír! 

Tá dubai aitheanta don Kebab agus bianna Halal seo daoibh ceann de na miasanna traidisiúnta a bhí ar fáil i bhformhór de na bialainn araibeach!

Bhí costas an bheatha réasúnta go maith.  Bhí formhór den bhille caite ar dheochanna le halcól agus gan alcól fiú! Bhí thart ar €5 ar deoch bhog agus ar gloine fíon bhí €10 ar a laghad, arís seo de bharr an cultúr Araibeach agus de bharr nach n-ólann siad mar chuid den chultúr sin!

Arís d'fhéadfainn leanacht ar aghaidh ag scríobh ach tá súil agam go gcabhraíonn sé seo libh má bhíonn sibh ag smaoineamh cuairt a thabhairt ar Dubai! Tá mé i bhfad níos eolaí maidir le cultúr agus slí maireachálaí na hAraibe 

agus is fada liom go dtabharfaidh mé aghaidh ar an tír aláinn sin arís!

Má bhíonn ceist ar bith agaibh ná bíodh drogall oraibh dul i dtegmháil, ní fhéadfainn níos mó moladh a thabhairt don tír álainn seo!!

Slán go fóil, 

Roseann 

xxxx