Anois teacht an tsamhraidh... Bí aclaí agus faiseanta!

Bhuel a Ghlams,

Níl muid anois ach i  bhfoiseacht cúpla seachain ón samhradh agus is dóigh go bhfuil muid ar fad ag déanamh iarrachta a bheith sláintiúil agus aclaí. Uaireanta bíonn sé seo sách deacair, go háirithe má chailleann tú amach ar rang amháin aclaíochta, is féidir leis thú a chur go hiomlán as riocht.

É sin ráite níl tada níos fearr ná an mothú sin a fhaigheann tú tar éis rang maith a bheith déanta agat. Tá mise ag déanamh ranganna Body Attack agus Body Pump anois ó mhí Mhéan Fhómhair agus caithfidh mé a rá, táim ag baint taitnimh astu.(cé go mbím ag iarraidh leithscéalta a fháil uaireanta gan dul ag rang)

Tá aclaíocht go maith do do shláinte, go fisiciúil, chomh maith leis an intinn. Go háirithe agus muid i gcónaí chomh gnóthach inár saoil. Cabhraíonn na ranganna seo liomsa fáil réidh le haon teannas nó strus :)

An blag atá agam an tseachtain seo éadaí giom. Cé nach mbíonn faisean ar d'intinn agat agus tú ag dul ag rang, fós tá sé go deas bróga reatha compóradacha chomh maith le héadaí giom cearta(agus deasa) a bheith ort. Tá an t-uafás roghanna ann na laethanta seo agus tá sé deacair péire bróga reatha a roghnú leis na cinn áille atá ann. Tosóidh mé leo sin ar dtús mar sin:

Ceannaigh

Nach deas iad!! Anois na tops agus na brístí giom. Arís tá an oiread sin acu ann ach seo hiad na cinn a tharraing m'aird. Formhór do mo chuid éadaí giom féin, is as Penneys iad agus iad chomh compórdach le ceann ar bith acu. Ach chuaigh mé cuardach daoibh agus seo céard a roghnaigh mé:

Agus sin sin a chairde, dfhéadfainn an blag seo a úsáid mar leithscéal gan dul ag an rang anocht ach cén mhaith dom é nuair a bheas mé ag mothú iontach i ndiaidh an ranga! Go háirithe agus an oiread ag teacht aníos agam, táim ag iarraidh a bheoth compórdach i mo chuid éadaí!!

Bhí mé ag Body Attack anocht agus mé lán le fuinneamh ina dhiaidh...corp sláintiúil = intinn shláintiúl!!!

Slán tamaill,

Aisling

xxxx