Pitseámaí na Nollag

Dia dhaoibh a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh? An gcreideann sibh go bhfuil an bhliain beagnach thart? Agus nach é atá imithe sciobtha! 

Tá mé ar ais libh inniu le blag eile faoin Nollaig agus ceann de na rudaí is deise liom faoin Nollaig. Níl tada níos fearr liomsa ná pitseámaí nua a fháil/a cheannach. Tá traidisiún beag agam féin agus mo dheirfiúracha, gach uile bhliain ceannaímid pitseámaí nua agus ansin Oíche Nollag tar éis an Aifrinn cuireann muid orainn iad agus níl tada níos deise. D'fhéadfainn an lá uilig a chaitheamh iontu Lá Nollag. Mar sin do mo bhlag deireanach i 2015 tá mé ag cur cúpla sampla deas pitseámaí le chéile díobh. Bheidís go deas a bheith i stoca Santaí i gceann seachtaine ;) 

M&S

Mura maith leat pitseámaí Nollag, seans gur mhaith leat pitseámaí a cheannach a bheadh agat don bhliain uilig:

River Island

Níl ach siopa amháin ann chun pitseámaí a cheannach agus sin é Penneys, seo cúpla sampla atá le fáil ann: 

Bhuel sin é uaimse a chairde, tá súil agam go mbeidh an-Nollaig agaibh ar fad agus go mbeidh Santaí go maith daoibh! Go raibh míle maith agaibh as bhur gcuid tacaíochta ar fad le linn na bliana. 

Gearóidín xxxxxx