20150708-032A4106-Edit.jpg

Ceathrar Cairde

Dia dhaoibh agus fáilte go Gaeilge le Glam. Tá muid ag cur tús le haistear nua inár saoil! Ceathrar múinteoirí Gaeilge le suim i bhfaisean, i dtáirgí áilleachta, i gcúrsaí bia agus aclaíochta agus ar deireadh thiar thall ár dteanga náisiúnta, an Ghaeilge!

Mar a dúirt muid, ceathrar sa ghrúpa; Síofra, Roseann, Aisling agus Gearóidín. Is as contae na Gaillimhe muid agus táimid go léir ag múineadh Gaeilge i meánscoileanna iontacha.

Tá suim mhór againn go léir i bhfaisean, i dtairgí áilleachta, i gcúrsaí bia agus aclaíochta. Beidh an blag seo bunaithe ar na nithe sin. Tá suimeanna difriúla againn go léir ach an suim is mó atá againn ná an Ghaeilge. 

Ba bhreá linn ailt a scríobh ar rudaí atá suimiúil agus tábhachtach daoibhse go léir. 

Seol ríomhphoist nó snapchat chugainn má tá aon cheist agaibh!